Thesaurus Conachtiae - Foclóir Ghaeilge Chonnacht

áithrid áirithe. Seo í an fhoirm a chluinfeá in Ultaibh fosta.

beithíoch: má thagraíonn an focal seo d'aon chineál ainmhí thar an gcuid eile acu, is dócha gurb í an bhó í. Sin é an tuairim a bhí ag Mícheál Ó Siadhail ar Learning Irish. Mar sin féin, chuala mé ó Pháraic Ó Cualáin ó Ros an Mhíl gurb ionann beithíoch agus gach cineál ainmhí.

brabach saibhreas, sócúlacht. Sa chiall brabús, éadáil ghnó is mó a úsáidtear i nGaeilge na Galltachta é, go bhfios dom.

bréidín éadach tíre, éadach de dhéantús baile

broidiúil gnóthach

ceapach cuibhreann, garraí beag (le haghaidh na bprátaí)

cruóg práinn, deifir, géarghá, cruachás, ponc, faopach. Is gá a chuimhneamh nach bhfuil baint dá laghad ag an bhfocal seo le "cruógaí" Ghaeilge Uladh, a chiallaíonn "aenna, crua-aenna, meanach, orgáin inmheánacha".

deisiúil sócúlach ó thaobh na maoin saolta de, ina shuí go te. De réir mar a thuigim, an duine atá deisiúil níl sé chomh saibhir le bheith ag leisceoireacht timpeall, ach duine a bhfuil de dheis aige, agus de ghustal ann, tuilleadh a chur lena bhfuil aige cheana.

falróid fánaíocht, imeacht thart. Falróid ar lorg do shláinte = "jogging".

fáltas saibhreas, maoin shaolta. Shíl mé ar dtús gur focal Muimhneach a bhí ann, ach dealraíonn sé gur cuid den tseanchaint é i gCúige Chonnacht féin.

faoi deara, rud a chur faoi deara do dhuine rud a chur d'fhiachaibh, d'iallach, ar dhuine, iallach a chur ar dhuine rud a dhéanamh, duine a chomhéigniú chun rud a dhéanamh.

fata práta, préata, preáta

fosaíocht (le hainmhí, le páiste) = breathnú i ndiaidh an ainmhí nó an pháiste. Naífhosaí a thug nuathéarmadóir éigin ar "babysitter" as Gaeilge. Is dócha gur leor fosaí.

gean agus grá taithneamh agus teasghrá. Bhí gean agus grá ag an bPiarsach ar an nGaeltacht. (Seán Ó Conghaile)

giodáinín píosa beag talaimh le haghaidh saothrú agus curadóireachta

miotáin (iolra; is é miotán an fhoirm uatha) cineál stócaí nó slipéirí a úsáidtear in éagmhais bróg. Máirtíní a thugtar ar a leithéidí in Ultaibh.

óstachas lóistín, aíocht, stopadh thar oíche

samhaoin pá, páighe, tuarastal, luach do shaothair, éadáil, saibhreas, brabach. Tháinig an dole, tháinig pinsean caoch agus pinsean bodhar, pinsean balbh agus pinsean baintreacha. Ní raibh aon cheann acu sin ba lú samhaoine ná an dole. (Seán Ó Conghaile). Obair shamhaoineach = obair a thuillfeadh páighe mhaith duit.

scaoilte singil (neamhphósta, gan chéile gan chleamhnas)

tiartháil (tiaráil an leagan caighdeánta) - obair mhaslach, rúpáil, sclábhaíocht