Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

CRAICEANN - AN LEAGAN IS ÚIRE

Cuid a hAon - Cuid a Dó - Cuid a Trí

Bhí mé i ndiaidh an geimhreadh duairc dúlaí go léir a chur isteach ag foghlaim léinn i gcathair mhór ó theas i bhfad i gcéin ó mo sheanfhóide. Nuair a bhí na scrúdaithe deireanacha thart, mhothaigh mé go rabh scíste mhaith tuillte agam, agus mar sin b'é an chomhairle ba nádúrtha ná aghaidh a thabhairt ar an tseandúchas leis na laetha saoire a chaitheamh ansin tigh mo thuistí. Chinn mé ar an tseal frí chéile a chur díom fá shonas is fá shuaimhneas: cha dtabharfainn ach droim láimhe le cóisireacht is le cailíní. Nó fán am sin bhínn lánghnoitheach ag iarraidh á leagan, ach má bhínn, b'amhlaidh ba mheasa a bhíodh sé ag éirí liom. Mar sin, b'fhollasach go mb'fholláine domh a dhul a dh'fhámaireacht thart le m'umhail a thabhairt ar áilleacht na nádúra. Cibé aithne a bhí agam ar na bólaí seo ó bhínn ag súgradh anseo i mo pháiste bheag, bhí mífhoighde orm a fháil amach fá dtaobh de na hathruithe a tháinig orthu i nganfhios domh agus mise ag staidéar. Nó bhí borradh mór fán chathair agus í ag fás ins achan treo: an mbeadh an seandúlra glan ainrianta udaí fágtha beo i gcónaí?

Nuair a thuirling mé den traein ar an stáisiún, bhí sé d'fhalsacht ionam a dhul ar lorg tacsaí, ach b'aithreach liom é a thúisce is a mhothaigh mé an chéad fhocal beannachta ón tiománaí. Nó ba sheanchomrádaí scoile é, má thig comrádaí a thabhairt ar an dream sin. Cha rabh ina mbunús riamh ach traigheamán de bhithiúnaigh chruthanta a chaitheadh leath a gcuid ama ag milleadh mo shaoil orm le maistíneacht is le bullaíocht, le clipireacht is le cleithmhagadh d'achan chineál a rithfeadh le h-ábhar beag Mengele ar an champa géibhinn sin de scoil. Ar ndóighe, bhí an leathamadán seo ag iarraidh geáitsí seancharadais a tharraingt air féin, an rud ba mhó a chuir fearg orm. Nach mba chóir don droing dhamanta sin leor a ghabháil leis an fhírinne agus a aidmheáil nach rabhamar mór le chéile riamh is nach mbeimis choíche?

Thairis sin, chuaigh sé a dh'fhiosrú cad é mar a bhí ag éirí liom leis na cailíní, agus é ag iarraidh rá mata ínteacht fá shaol ainrianta collaíochta na mac léinn a áitiú orm, rud nach dtearn ach géarú ar an tsnomh a bhí glactha agam le mo dhuine. Nach mba duine acusan é féin a rinne ciolar ciot de sheans ar bith a rabh agam ar aon ghirsigh? Bhí mé ar tí paltóg de bhuille doirn a thabhairt dó eadar an dá shúil bhréagmhagúil, ach ní rabh aiméar a dhéanta agam, buíochas le Dia: ansin díreach a bhain muid amach teach mo thuistí, agus amach go deo liom le mo chuid málaí taistil. Ag díol ar son an astair domh dhrann mé an cháir ba doicheallaí leis an damantóir sin agus d'fhág slán aige go grusach. Char lig sé air gur aithin sé an drogall orm. B'fhéidir go rabh sé dáiríribh comh dearmadach sin i dtaoibh na fírinne seirbhe.

Chuaidh mé isteach ag beannú do mo mhuintir domh, agus chrom mo mháthair ar an toirt ar chaifé a ghiollacht domh. D'inis mé dófa a rabh le hinse agam fá dtaobh de chúrsaí na hollscoile, agus iad ag tairgsint domh scéalta fá imeachtaí na cathrach nó ag trácht ar an uafás dul chun cinn a bhí déanta ag mo chuid sean-namhad ó na laethe scoile i gcúrsaí foghlama nó banaíochta. Is léir go mba dhrochscéala liomsa gach rud ba dhea-scéala leofasan, agus mise do m'aithne féin i m'fhágálach ar a rabh le ríomh agus le reac ag mo mhuintir ar an ábhar áithrid seo.

An darna lá sa bhaile domh, agus mise i ndiaidh mé féin a shoipriú tigh mo mhuintire thoisigh mé do m'úmú fá choinne an astair a bhéarfainn ar fud na háite agus a timpeallachta. Bhí uaigneas na gcoillteach mór dorcha go géar de dhíth orm. I bhfad ar shiúl ó chomhluadar dhaonna domh, mar ba nós liom riamh agus mar is cleachtas do mo mhuintir, a dheánfainn dearmad ar chruatan an tsaoil agus ar mhargadh chruadálach na gcleamhnas. Mar a thug an seachtar dearthár droim láimhe leis an tsibhialtacht ins an scéal is sine a bhreac údar de chuid mo thíre ar pár riamh, - mar a thug siadsan droim láimhe leis an tsaol mhór le scíste a fháil chun teacht i gcrann dáiríribh gan bhinn gan aird ar an chuid eile den chineadh dhaonna, bhéarfainn féin aghaidh ar aonarántacht na foraoise le mo chuid smaoitíoch a chur in eagar agus le léargas ínteacht a fháil ar an tsaol agus an áit a bhí mé féin a chuartú ann.

Ar dtús chuaigh mé go dtí an siopa fá dhéin aráin agus ime agus ábhar eile ceapairí. Ba scamhardúil solamarach an lón é a chuir mé le chéile lena iompar liom i mo mhála droma. Chuartaigh mé leath an tí ó urlár go síonóil go dtí gur aimsigh mé i gcupard mo sheanseomra féin mo mhapa agus an compás a bhíodh á n-úsáid agam agus mé ag siúl na gcoillte i mo dhéagóir domh.

Nuair a d'imigh mé liom, bhí lá álainn soineanta ann,lá a chuirfeadh áthas agus ádh ar chroí is intinn ar bith: an ghrian ag taitneamh go cothrom ar an tsaol uilig fúithi eadar shaibhir agus dhaibhir; agus má bhí séideadh fann gaoithe le brath ar d'éadan, cha dtearn sí ach an faobhar brothallach míchompordach a bhaint de theas an lae. Bun ar an aimsir, mar adéarfadh na seanfhondúirí.

D'fhág mé slán ag mo mhuintir agus chuaigh liom bealach na gcoillteach giúise. Nó b'ansin ba chumhain liom loch beag baoideach insnámha fá choim na gcraobhach glas i gcroílár dhiamhair na coilleadh. Rosc na Coilleadh a bheirtí ar an loch, má bhí aon ainm ar leith ag na daoiní uirthi. Dar liom go mb'annamh a thaobhadh duine ná deoraí leis, siúd is go rabh sé de nós ag na gasóga áitiúla a bpicnic ráithiúil - nó cibé turas taiscéalaíochta a bheiridís air - a chóiriú chois a chladaigh. An chuid is mó den bhliain - agus den tsamhradh féin - bhíodh an loch tréigthe ag bunadh na cathrach.

Dá bharr seo, cibé lá a bhínn in ísle meanman, cibé uair a thigeadh giúmar cumhúil tromintinneach dúnéaltach lionndubhach orm, bheirinn aghaidh ar an loch sin chun seal snámha a bhaint as a uisce shéimh nó - mura gceadóchadh an séasúr aon tumadh ann - machnamh domhain dorcha duairc a dhéanamh ar mhícheart agus míchothrom agus éagóir an tsaoil i ngleann seo na ndeor searbh ina bhfágtaí ar an tráigh fhoilimh ariamh mise gan an coimeadar a fháil curtha ar an ghirsigh ar shantaigh mo chroí chráite is mo bhod diomhaoin í. B'iomdhaí ainnir álainn ar mhúscail a colainn is a comhluadar ionam an tnúth is géire, is éadóchasaí ar domhan, agus mé go fóill i mo scoláire meánscoile: char cheadaigh an beaguchtach domh ariamh tús ná bun a chur le suirí ná le cumann. Áilleacht an tsaoil taobh amuigh den chollaíocht chúng a dhruideas súile na ndaoiní óga ar na nithe deasa eile sa domhan - seo é an rud a d'athaimsínn agus mé i mo shuí cois an locha i gceann mo chuid smaointeoireachta.

Nuair a chonaic mé go dtáinig mé comh fada leis an Ghráig Mhór - an rian deireanach i ndiaidh na Giúise Móire ar leag foireann an chomhluchta páipéir í in ainneoin na n-agóidí a rinn bunadh na cathrach agus mise aon bhliain déag d'aois - chinn mé ar scíste a ligean sula leanfainn orm leis an astar. Shuigh mé síos ar an ghráig agus bhain mé an tsreang de mo mhála lóin. Nuair a bhí a bhéal ar foscal go leathan thum mé leathlámh isteach ann gur thóg mé amach an ceapaire ba raimhre dá dtearn mé, agus achan seort bídh eadar an dá slisín aráin: feoil agus cúcamar, cáis agus tráta, gan dearmad a dhéanamh de pheirsil. Bhí an t-arán bogtha tais ag an chúcamar cheana féin, agus nuair a bhain mé greim den cheapaire thit grabhróga ar an talamh lena n-ithe ag na seangáin.

Agus mé ag mungailt mo chodach go mall socair ar mo sháimhín suilt, thug mé cluais éisteachta do cheol na n-éan agus go h-áithrid do dhord na mbumbóg a bhí ag eiteallaigh thart i mo mhórthimpeall. Nuair a thoisigh mé a bhrath go rabh iomlán an lúith inbhainte as na cosa arís, d'airdigh mé mo thóin den ghráig, agus ar aghaidh bealach na locha liom. Tharraing mé seanlán mo chinn d'aer ghlan na coilleadh agus bhraith mé cumhracht an tsamhraidh, a milseacht is a seirbhe.

De réir mar a theann mé leis an loch, chuaigh an choillidh chun dlúis, agus mura mbíodh seaneolas agus aithne agam ar an chompal seo thart, b'ar éigean a chreidfinn go rabh loch ann taobh thiar de na cranntaibh. Bhí na gága craobhacha fada achrannacha ag gránú mo cheannaightheacha lena gcuid spíonta is snáthaidí, agus nuair a bhain mé cladach na locha amach, bhí mé comh tuirseach traochta tráite sin agus gur thuit mé i mo spréiteachán ar mo bholg le scíste a fháil.

Ansin mhothaigh mé nach i m'aonar a bhí mé!

D'airdigh mé mo chloigeann go ciúin cúramach gur amharc mé bealach na locha, agus ceart go leor bhí cailín ag snámh ar fhairsingeach na dtonntach. Ag portaireacht a bhí sí. Buíochas leis an uisce a iompraíonns gach foghar is fuaim chuala mé a glór binn go soiléir a fhad sin uaithi. Guth glan a bhí ann nár shalaigh tobaca ná biotáilte ariamh é, agus an t-ádh is an t-áthas a bhí á léiriú aige chuirfeadh sé lúcháir ar chroí ar bith. Shílfeá nach girseach shaolta a bhí inti ar scor ar bith ach síóg de chineál ínteacht.

Ansin chonaic mé a cuid éadaí is giúirléidí eile ina gcarn beag baoideach i lúbainn eadar dhá moghlaeir cloiche chois cladaigh. Mála droma a bhí aici fosta, culaith traenála is bróga sléibhteoireachta de réir dealraimh; ach sílim nach tógtha orm é má aidmhím gurbh iad a cuid fo-éadaí ba mhó a tharraing m'umhail: d'aithin mé ar an chíochbheart gur cíocha cruinne deasa a bhí aici, agus croí beag baoideach fuaite ar a nicirí áit a rabh a grabhaid. Go tobann bhraith mé mo bhod ag éirí ina sheasamh agus thóg mé mo cheann ar ais taobh thiar de na craobhacha flúirseacha.

Fá chionn cupla bomaite tháinig an cailín ar ais go dtí an cladach, agus mise ag amharc uirthi i nganfhios daoithi. Fornocht a bhí sí gan oiread snáithe uirthi, agus is annamh má riamh a fuair mé radharc ar a sárú de spéirmhnaoi óig tráth mo shaoil.

Bhí dreach foscailte laghach ar an bhruinneall seo, agus aoibh aislingeachta ar crith ar a béal. Leathdhrud a bhí ar a súile, agus b'fhollasach soiléir é gur minic a chuireadh meangadh gáire le cruinne a gruanna. Dubh dorcha a bhí a cuid gruaige, agus í bearrtha comh gearr sin agus nár shroich sí ach a dealrachán.

Nuair a d'ísligh mé mo shúile áfach agus mé ag grinnscrúdú achan spleotáinín dá colainn a bhí le feiceáilt, tháinig borradh i mo bhod nár mhothaigh mé a leathbhreac ansin ariamh. Bhraith mé na hartairí ag bogadh óna n-áiteanna cearta fá chraiceann an bhaill fhearga, agus le linn tamaillín bhig bhí fíoreagla orm roimhe go n-éireochadh mo thóin aníos ón talamh comh hard sin agus a bheith le tabhairt fá dear ag an ainnir.

Bhí a cíocha go cruinn deas álainn gan a bheith go rómhór ná go róbheag: cha rabh sí tar éis achan acmhainn mhacnais a bhaint dá corp le haistí amaideacha bídh. Ag breathnú uirthi domh chonaic mé solas an lae a bhí á scagadh frí chraobhacha na gcranntach ag péinteáil a chuid pioctúirí ar a craiceann mín deas bog. Nach géar a theastaigh uaim an craiceann sin a chumailt is a phógadh, nach millteanach an éagóir nach rabh áiméar a dhéanta agam!

Cha rabh an deireadh ráite go fóill. Shuigh sí síos sa lúbainn a rabh a cuid ciútraimintí fágtha aici agus lig sí osnaíl aisti, agus... agus thoisigh sí á cumailt féin.

Ar dtús chuir sí balláin a cíoch ag gobadh go cruaidh agus shuaith sí a bolg féin. Thoisigh a lámha ag druidim leis an phit gur shroich siad í. Rinn sí na liobra thíos a útamáil agus mhéaraigh sí an bhreall bheag dheas go dtáinig luisne ar a colainn uilig. D'fháisc sí lándúnadh ar a súile agus chonaic mé go rabh achan mhatán inti á theannadh...

...go dtí gur bhain sí amach an bhuaic. Chuala mé an éagaoint ag teacht in ionad na hosnaíola, agus tháinig lúbarnach fhiáin fríthi le teann na toinne aoibhnis. Chuaigh sí in arraingeacha agus lig sí búir chaointe aisti a tharraingeochadh slóite de phóilíní is dochtúirí ionsuirthi más i lár cathrach a d'imeochadh a leithéid uirthi.

Ansin chuaigh an ghirseach go hobann chun suain. Thuit sí ina téagar gan chorraí aisti ina dhiaidh sin, rud a chuir imní orm: arbh amhlaidh gur bás a fuair sí in éineacht leis an tsásamh? Chuir mé cluais ghéar orm go dtí gur mhothaigh mé ag análú í, agus ansin tháinig sólás agam. Bhí an ghaoth ag gabháil chun géire, agus mé ag smaoineamh an mba chóir domh a tuáille nó a cuid éadaí a shoipriú uirthi lena cosaint ar an fhuacht, ach thuit an lug ar an lag agam, agus chloígh mé an tallann. Chaith mé corrshúil ar a haghaidh, agus hóbair domh mo ghol a bhriseadh orm, comh gnaíúil is a bhí an cailín bocht ag breathnú! Ghuigh mé go ciúin go soirbheochadh Dia daoithi, agus as go brách liom bealach na cathrach.

Chuaigh sé rite liom an tslí a choinneáil, agus na deora do mo dhalladh. Nuair a d'fhéach mé le labhairt, bhí tocht i mo sceadamán agus mé i mo bhalbhán aige. Ar shroicheachtáil na Gráige Móire domh athuair stad mé i mo sheasamh i lár an mhachaire bháin fhairsing fholaimh a d'fhág lucht leagtha na gcranntach ina ndiaidh deich mbliana ó shin - ansin tharraing mé lán mo scamhán d'aer gur thoisigh mé a scairtigh i seanard mo ghutha. Mhair mé ag búirfigh go dtí gur thréig mo ghlór mé agus an deoir dheireanach tuite as mo shúile.

Ar Aghaidh